Go mion
 

MONATÓIREACHT TIMPEALLACHTA


MONATÓIREACHT TIMPEALLACHTA


Sainbhrathadóirí IoT chun fadhbanna sa timpeallacht a aithint, ar nós tuillte thobanna, scoilteanna ag méadú agus eile

Sainbhrathadóirí IoT chun fadhbanna sa timpeallacht a aithint, ar nós tuillte thobanna, scoilteanna ag méadú agus eile

Monatóir rabharta lintéir IoT-chumasaithe

Monatóir rabharta lintéir IoT-chumasaithe


Monatóir rabharta lintéir IoT-chumasaithe


Giuirléid a braitheann nuair atá rabharta uisce i lintéar sráide. Seoltar comhartha láithreach tríd an scamall go dtí na húdaráis chuí.

Ceanglaítear an giuirléid le bun na greille a shuíonn ar bharr an lintéir trí bhíthinn stropa, ach is féidir é a úsáid chomh maith i lintéir nach bhfuil greillí orthu trí leas a bhaint as brac. Déantar é a shuiteáil in achar an-ghearr ama.

Dearadh an-daingean, feistithe mar is cuí, mar aon le bheith in oiriúint do na córais ghlantacháin a bhíonn á n-úsáid le lintéir.

  Tuilleadh eolais

BAOI FÁINNE

BAOI FÁINNE


BAOI FÁINNE


Is minic a théann baoithe fáinne ar lár. Is minic freisin nach dtuigeann daoine áirithe an tábhacht atá leo, agus d'fhéadfadh sé tarlú mar sin nach ann dóibh nuair a bhíonn gá leo. Anois tá gléas ann a choinníonn an baoi faoi chianfhaire. Má bhaintear é, braitear é sin agus seoltar teachtaireacht ríomhphoist, nó taispéantar rabhadh ar scáileán, sa chaoi is gur eol do na húdaráis chuí faoin eachtra.

  Tuilleadh eolais

Sócmhainn ar lár


Sócmhainn ar lár


Is minic a imíonn sócmhainní ar lár, ach in áiteanna atá iargúlta gan nascanna cumhachta ná a leithéid. Is féidir leis an ngléas seo súil a choinneáil ar shócmhainní mar seo ar bhealach simplí saor. Feidhmíonn sé mar seo: má sciobtar clib mhaignéadach chun siúil, seoltar teachtaireacht go dtí na húdaráis faoi láithreach. Glaoimid 'clibeadóg' ar an gclib seo, focal nuachumtha.

  Tuilleadh eolais

Sócmhainn ar lár

BRUSCAR


BRUSCAR


Ní gach lá a líontar bosca bruscair, ná baol air. Bíonn laethanta ann nach mbíonn gá len é a fholmhú, ach ní fiú sin a fháil amach ag tú ann cheana féin. Leis an ngléas seo, is féidir le lucht bailithe an bhruscair a fhios a bheith acu roimh ré cé chomh lán agus atá an bosca bruscair gan gá cuairt a thabhairt air ar dtús. Tá sé curtha in oiriúint do bhoscaí bruscair phoiblí.

  Tuilleadh eolais

BRUSCAR
Monatóir scoilteanna

Monatóir scoilteanna


Monatóir scoilteanna


Tá monatóir leictreonach forbartha ag Telemonitron a dhéanann tuairisciú rialta ar an méadú, más ann dó, atá ag tarlú d'aon scoilt lena bhfuil sé fáiscthe. Tá fad saoil cúig bliana ar a laghad sa chadhnra ann chomh maith, mar sin ní bhíonn gá cuairt a thabhairt ar an láthair ach go han-annamh. Oireann sé ach go háirithe do láithreacha atá deacair le teacht orthu agus atá i bhfad i gcéin.

  Tuilleadh eolais

Cumarsáid


Cumarsáid


Is iad na córais NB-IoT, Sigfox agus LoRa na príomhmheáin chumarsáide. Is córais ísealchumhachta is ísealchostais iad seo, le cumas teoranta seolta atá forleathan in an-chuid tíortha agus atá thar a bheith oiriúnach do tháirgí IoT.

Cumarsáid

Páirtnéirí


Páirtnéirí


Forbraíodh an Monatóir Lintéir i ndlúthbhaint leis an Aonad Chothabháil Draenála Bóthar i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus mar chuid den togra uaillmhianach Smart Dublin.

Cuireadh maoiniú ar fáil don togra faoin scéim SBIR atá á reachtáil ag Fiontraíocht Éireann.

Páirtnéirí

Teagmháil

Déan teagmháil linn!

L12 Páirc Ghnó na Grianóige; Ráth Cúil; Co. Bhaile Átha Cliath; Éire

+353 1 487 7600

www.msemicon.com

info@msemicon.com