Príobháideachas
Is aonad gnó de chuid mSemicon Teoranta é Telemonitron.
Déanann an polasaí príobháideachais seo cur síos ar an gcaoi a dhéanann mSemicon Teoranta (mSemicon) déileáil le haon eolas a thugann tú do mSemicon agus an suíomh seo in úsáid agat.
Is mór ag mSemicon do phríobháideachas. Sa chás a iarrann mSemicon ort eolas lenar féidir thú a aithint a sholáthar dúinn agus an suíomh seo in úsáid agat is féidir leat a bheith cinnte de gur de réir an ráitis phríobháideachais seo amháin a bhainfear leas as.
Tiocfaidh athruithe ar an bpolasaí seo ó am go ham agus déanfar taifead dá réir ar an leathanach seo. Ba cheart duit dul i gcomhairle leis ó am go ham lena chinntiú go bhfuil tú i bhfách leo.
An t-eolas a bhailítear: Ní bhailítear aon eolas ag an bpointe seo.
Chun liosta de na fianáin a bhaintear leas astu ar an suíomh seo a fheiscint, féach thíos "Liosta na bhfianán".
Slándáil
Tá mSemicon tiománta do d'eolas príobháideach a choineáil slán. Chun go seachnófaí rochtain nó nochtadh gan chead, tá córas curtha i bhfeidhm againn lena chinntiú go gcoinnítear an t-eolas a bhailímid fút ar-líne slán.
An tslí a bhaintear leas as fianáin
Cuidíonn fianáin linn suíomh níos fearr a chur ar fáil duit, trí na leathanaigh ar spéis leat agus nach spéis leat a aithint. Ní cheadaíonn fianán rochtain ar bith dúinn ar do ríomhaire nó ar aon eolas fút, seachas an t-eolas a sholáthraíonn tusa dúinn. If féidir leat fianáin a cheadú nó a chosc trí na socruithe cuí ar do bhrabhsálaí a dhéanamh.
Nascanna le suíomhanna eile
Is féidir le nascanna chuig suíomhanna idirlín ábhartha eile a bheith ar an suíomh seo. A luaithe agus a fhagann tú an suíomh seo, ní mó duit a thuiscint nach bhfuil na polasaithe a ghabhann leis an suíomh seo bailí a thuilleadh, áfach. Is ar na suíomhanna nua sin atá an dualgas maidir le slándáil do chuid eolais. Ní mór duit aire a thabhairt mar aon le dul i gcomhairle leis na polasaithe príobhaideachais ar na suíomhanna nua sin.
Liosta na bhfianán a úsáidtear:
Go díreach ar an suíomh www.telemonitron.com táthar ag baint leas as na fianáin seo a leanas:
- Telemonitor_CookiesConsent - baintear leas as an bhfianán seo leis an eolas maidir leis an bhfianán toilteanais féin a taispeánadh duit.
- ASP.NET_SessionId - ghin ASP.NET (an uirlis lenar forbraíodh an suíomh seo) an t-eolas seo chun go bhféadfaí cód aitheantais ar leith a chruthú do do sheisiúnsa.
Fianáin sheachtracha
- Táimid ag baint leas as deilbhíní Font Awesome ar an suíomh seo, agus déantar iad a stóráil ar cloudflare.com CDN (content delivery network). Níl aon neart againn ar na fianáin a shocraíonn cloudflare.com ná mar a bhaintear leas as eolas na bhfianán sin. Níl rochtain ar eolas na bhfianán sin ach trí cloudflare.com.
