BRATHADÓIR LINTÉIR
Chun go dtuigfí go bhfuil rabharta ar tí tarlú ar shráid chathrach, ní gá ach leibhéil an uisce sna lintéir a thomhas. Nuair atá an lintéir lán, is ansin a thosaíonn an t-uisce ag leathnú amach ar an mbóthar.
D'eisigh Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath dúshlán do chomhlachtaí braiteoir oiriúnach a fhorbairt chun teacht i dtír ar an bhfadhb seo, agus mar thoradh air seo rinne mSemicon ceann a fhorbairt. Is féidir an braiteoir seo a cheangailt leis an ngreille a bhíonn ag barr na lintéar le nascóirí beaga miotail nó plaisteacha*. Nuair a bhraitheann an giuirléid uisce thart timpeall air, seolann sé comhartha dá réir amach ar an líonra Sigfox chuig freastalaí de chuid mSemicon. Déantar próiseáil ar an eolas seo agus seoltar ar aghaidh ansin é ag an bhfoireann a dhéanfaidh cúram cuí den rabharta ar an láthair. Ní thógann an t-aistear eolais níos mó ná 30s go hiondúil.
*Do lintéir gan greillí: sa chás seo is féídir an brathadóir a cheangailt le taobh an lintéir trí leas a bhaint as brac.
Brathadóirí
Tá dhá bhraiteoir á n-úsáid chun an t-uisce a thomhas:
braiteoir ar shnámhán maignéadach
braiteoir neasachta
Mar sin tá iomarcaíocht i gceist.
Tá braiteoir gluaiseachta ann chomh maith. Nuair a ardaítear greille an lintéir tuigeann an braiteoir é seo agus seolann teachtaireacht dá réir chuig an frestalaí. Tugann sé seo le fios don chóras stiúrtha go bhfuil gníomhaíocht cothabhála ar siúl, é sin nó go bhfuil duine éigin neamhúdaraithe tar éis an lintéar a oscailt.
Daingne
Ní hamháin gur gá don ghléas seo déileáil le droch aimsir, fliuchras agus eile, ach caithfidh sé freisin i bheith docht daingean i gcoinne oibríochtaí glantachán na lintéar. Dearadh an brathadóir seo le bheith in ann déileáil leis an drochíde a tharlaíonn i rith na gníomhaíochta seo. Ní gá, mar sin, an brathadóir a bhaint sula ndéantar an lintéar a ghlanadh.
Suiteáil
Tá sé furasta agus tapaidh an brathadóir a shuiteáil. I dtús báire osclaítear an lintéar agus ansin ceanglaítear an brathadóir faoi bhun an ghreille ag an áit chuí. Is féidir le bandaí miotail a úsáidtear chun pailéid a fháisceadh a úsáid chuige seo. I gcásanna áirithe, nuair nach ar égin go bhfuil trácht ann, is féidir leas a bhaint as fáiscníní láidre plaisteachta. Tá an rud ar fad gasta. Ach go háirithe níl gá le druileáil.
Sonraí meicniúla
Is iad na garthoisí ná 100mm (fad) x 45mm (leithead) x 45mm (airde).



