×

Mura bhfeictear an cháipéis seo féach an nasc go dtí an comhad PDF seo.

Coinníollacha úsaide

Fáilte go dtín ár suíomh idirlín.

Is aonad gnó de chuid mSemicon Teoranta é Telemonitron.

Má leanann tú ort ag baint leas as an suíomh idirlín seo, tá tú ag toiliú seasamh agus cloí leis na téarmaí agus na coinníollacha seo a leanas, a rialaíonn, mar aon lenár bpolasaí príobháideachais, an gaol atá ag mSemicon Teoranta (mSemicon) leatsa sa mhéid is go mbaineann sé leis an suíomh seo. Mura n-aontaíonn tú le haon cheann de na téarmaí nó na coinníollacha seo, ná bain leas as an suíomh seo le do thoiI.

In ionann an téarma "mSemicon", "mSemicon Teoranta", "Telemonitron", "sinn/e" nó "muid/ne" agus sealbhóir an tsuímh seo a bhfuil a ionad gnó lonnaithe ag Bloc L, Aonad 12; Páirc Ghnó na Grianóige; Ráth Cúil; Co. Bhaile Átha Cliath; Éire. Is í 350299 uimhir chláraithe na cuideachta, mar a cláraíodh i mBaile Átha Cliath í. Is ionann an téarma "tú" nó "tusa" agus an té atá ag baint leas as an suíomh idirlín.

Baintear leas as an suíomh seo faoi réir na dtéarmaí seo a leanas:

  • Is é atá san ábhar ar leathanaigh an tsuímh seo ná eolas ginearálta a chuirtear ar fáil ar do shonsa. D'fhéadfadh an t-eolas seo athrú gan choinne.
  • Baineann an suíomh seo leas as fianáin chun monatóireacht a dhéanamh ar roghanna brabhsálaíochta. Féach ar ár bpolasaí príobháideachais i dtaca leis an eolas a bhailítear.
  • Ní thugaimidne, ná aon tríú pháirtí, baránta ná bannaí ar bith maidir le cruinneas, tráthúlacht, comhlíonadh, iomláine, ná oiriúnacht an eolais nó an ábhair a sholáthraítear ar an suíomh seo d'aon chuspóir ar leith. Glacann tú leis gur féidir go bhfuil eolas neamhchruinn mar aon le botúin san eolas sin ann agus mar sin go séanaimid aon dliteanas ó thaobh aon eolas neamhchruinn nó botúin da leithéid sa mhéid is go gceadaítear é sin ó thaobh dlí de.
  • Is ar do phriacalsa féin amháin a bhaineann tú leas as an suíomh seo, agus níl freagracht ar bith orainne dá bharr. Is ortsa atá an dualgas a chinntiú go n-oireann aon táirge, seirbhís nó eolas eile a luaitear ar an suíomh seo do na riachtanais ar leith atá agatsa.
  • Tá ábhar a bhaineann linne nó atá faoi cheadúnas againne ar an suíomh seo. I measc an ábhair seo áirítear, gan a bheith iomlán, an dearadh, a leagan amach, an chuma, an cruth agus na graificí. Ní ceadaítear atáirgeadh air seachas de réir an fhógra chóipchirt ar cuid é de na téarmaí agus na coinníollach seo.
  • Aithnítear gach trádmharc a luaitear ar an suíomh seo nach leis, nó nach bhfuil faoi cheadúnas ag, an riarthóir, go cuí ar an suíomh.
  • D'fhéadfadh go mbeadh éileamh ar aisghabháil damáistí a bheith mar thoradh ar leas neamhúdaraithe den suíomh seo agus/nó gur cion coiriúil é.
  • Ó am go ham d'fhéadfadh nascanna a bheith ar an suíomh seo go dtí suíomhanna idirlín eile. Is mar áis duitse a chuirtear iad seo ar fáil. Ní chiallaíonn sé seo go formhuinímid na suíomhanna áirithe sin. Níl freagracht ar bith againne don ábhar ar na suíomhanna sin a ainmnítear.
  • Is faoi réir dhlíthe na hÉireann atá aon úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo, nó aon aighneas a easraíonn dá bharr.
Coinníollacha úsaide